The Gloaming - Freedom Lyrics

Raghaidh mé síos i measc na ndaoine
De shiúl mo chos
Síos i measc na ndaoine
Is raghaidh mé síos anocht.
Raghaidh mé síos ag lorg daoirse
Ón mbinibshaoirse
Síos ag lorg daoirse
Tá ag liú anseo
Ceanglód an chonairt smaointe
Tá an drannadh im thimpeall
An chonairt smaointe
San uaigneas
Loirgeod an teampall rialta
Bíonn sí lán de dhaoine
Oh an teampall rialta
Ag am fé leith
Is loireod comhluadar daoine
Nár chleacht riamh saoirse
Comhluadar daoine
Ná uaigneas
Fanfad libh de ló is d'oíche
Is beidh mé íseal
Beidh mé dílis
Do bhur snabsmaointe
Mar do chuala iad ag fás im intinn
Ag fás gan chuimse
Ag fás im intinn
Gan mheasarthacht
Is do thugas gean mo chroí go fíochmhar
Don rud tá srianta
Mo chroí, bhí sí fíochmhar
Do gach macrud
Don smacht, don reacht, don teampall daoineach
Don ab, don chlog, don tseirbhíseach
Don smacht, don reacht, don teampall daoineach
Don am fé leith
Don bhfeirmeoir ag tomhas na gaoithe
Sa bhfómhar is é ag cuimhneamh
Ag tomhas na gaoithe
Ar pháircín eornan
Don chomhthuiscint, do chomh-sheanchuimhne
Do chomhiompar comhdhaoine
Don chomh-mhacrud.
This lyrics has been read 353 times.